Cogadh Róbó

Cailíní Saibhre 1-6; Buachaillí Bochta 1-5; Saoithíní (nerds) 1-5; Cailíní Áille 1-6. Príomhoide, Beirt Láithreoirí, Beirt le Ceamara

1: Sráid. Cailíní Saibhre ar an ardán
S1 Ó féach, bróga Jimmy Choo! Álainn!
S2 GRMA €200!
S3 €200? sin saor go leor.
S2 €200 an bhróg! €400 don phéire.
S4 Sin an bealach.
S5 Praghas ceart é sin.
S6 An raibh sladmhargadh ar siúl sa siopa?
S2 Ní raibh!
S4 Úúú! Is fuath liom sladmhargadh.
S1 Sea! Bíonn na siopaí lán...
S3 ...plódaithe...
S5 ...le daoine bochta...
S6 ...i do bhealach, gach áit!
S1-6 Úúú! (B1-5 ar an ardán)
S1 Ó féach! Ansin!
S2 Úúú!
S1-6 Daoine bochta!
S3 Féach orthu!
S4 'bhfuil bróga cearta oraibh inniu?
S5 Bróga Jimmy Choo, b'fhéidir?
S6 Bróga ar cor ar bith oraibh?
S1 Rachaimis. (Imíonn siad)

B1 Is fuath liom iad.
B2 Daoine saibhre.
B3 Níos mó airgid ná ciall acu.
B4 Ag magadh fúinn i gcónaí.
B5 Mar táimid bocht.
B1 Cén t-am anois é?
B2 Am? Níl uaireadóir agam.
B3 An bhfuil an t-am ar do Nokia?
B4 Ró-mhall. Rinne mé malartú le m'athair.
B5 Malartú? Cad a fuair tú?
B4 Úll deas.
B1 Úll? iPhone?
B4 Ní hé. Seo é...(Tosnaíonn sé ag ithe úill)
B2 Féach ansin! (Saoithíní 1-5 ar an ardán)
B3 Úúú!
B4 Saoithíní!
B5 Nerds!
B1 Féach orthu!
B2 Ar caitheadh amach sibh ón leabharlann?
B3 Is maith liom pi!
B4 Sea, tóg 3.14 píosaí!
B5 Rachaimis. Tá boladh scoile anseo! (Imíonn siad)

N1 Is fuath liom iad!
N2 Níl ciall ag na daoine bochta sin!
N3 Níl aon rud ar eolas acu!
N4 Ag magadh fúinn!
N5 Ag magadh faoi pi!
N1 An bhfaca sibh an clár faoi Einstein ar BBC 4 aréir?
N2 Brón orm. Bhí mé ar Wikipedia an oíche ar fad.
N3 Bhí mise ag obair ar mo bhailiúchán stampaí.
N4 Bhí mise ag smaoineamh...ag smaoineamh...faoin saol.
N5 Ááá...fealsúnacht.
N1 Cad a dhéanfaimid anois?
N2 Leabharlann éinne?
N1-5 Leabharlann! (Déanann siad 'L' le na méaracha)
N3 Féach ansin!(Cailíní áille ar an ardán)
N4 Na cailíní áille! (Gach duine ag déanamh magadh le gruaig)
N5 Dream eile gan ciall!
N1 Níl aon rud ar eolas acu.
N2 Níos lú ná na daoine bochta!
N3 Ach amháin faoi éadaí!
N4 Agus gruaig! (Magadh le gruaig arís)
N5 Leabharlann! (Imíonn siad)

Á1 Is fuath liom iad!
Á2 Heileo? Níl aon ciall acu.
Á3 Níl aon eolas acu faoi...
Á4 ...faoi na rudaí tábhachtacha sa saol:
Á5 Ingne!
Á6 Bróga!
Á1-6 ÉADAÍ!
Á1 Agus gruaig! (Casann sí a cuid gruaige)
Á2 (le Á1) Tá do chuid gruaige go hálainn inniu!
Á1 Sea. Bhí orm í a ní arís ag am lóin.
Á3 B'fhiú é.
Á4 Nigh mise mo chuid gruaige trí uaire inné.
Á5 Maith thú!
Á6 Heileo? Féach ansin!
Á1 Na páistí saibhre!
Á3 (os ard leo) Gan ciall...
Á4 ...gan stíl.
Á5 Úúú! Féach! Bróga Jimmy Choo!
Á6 COMH daor...
Á1 COMH 2015!
Á2 COMHrá thart. Rachaimis! (Imíonn siad)

2: Scoil. Ceithre ghrúpa agus an príomhoide ar an ardán.
PO A Pháistí! Fáilte chuig an teacht le chéile. Deascéal! Beidh comórtas againn sa scoil, agus beidh na ceamairí teilifíse ag taifeadadh.
Á5 Cén comórtas?
PO Cogadh róbó. Táimid ag lorg grúpaí páistí chun róbó ar nós iomrascálaí Sumo a dhearadh. Beidh an bua ag
an ngrúpa leis an sumo is láidre!
B5 Cén duais?
PO €500!
Gach Duine: €500!
B4 €500! Bheimis saibhir!
Á5 €500! Lá san ionad siopadóireachta!
N5 €500! turgnaimh eolaíochta, leabhair áille!
S5 €500!? An fiú an iarracht a dhéanamh?
(Imíonn an príomhoide, gach grúpa ag caint eatarthu go ciúin) (Seasann an grúpa saibhir)

S1 Beidh sé éasca an róbó is fearr a dhéanamh.
S2 Ceannóimid na páirteanna is fearr...
S3 ...agus is daoire...
S4 ...chun an róbó is fearr a dhéanamh.
S5 Múinfimid ceacht dóibh!
S6 Ar aghaidh linn go dtí na siopaí! (Imíonn siad) (Seasann an grúpa bocht)

B1 Beidh sé deacair róbó a dhéanamh.
B2 Ní féidir linn rudaí a cheannach.
B3 Gheobhaimid rudaí dara-lámhach...
B5 ...rudaí caite amach
B1 Ar dtús, rachaimis go dtí an dumpa! (imíonn siad) (Seasann an grúpa saoithíní)

N1 Beidh sé éasca dúinn an róbó is fearr a dhearadh.
N2 Mar táimid cliste!
N3 Is maith linn eolaíocht.
N4 Gheobhaimid na leabhair is fearr...
N5 ...agus beidh ár róbó cliste!
N1 Artificial Intelligence!
N2 Sea...clisteacht saorga! (Imíonn siad) (Seasann an grúpa álainn)

Á1 Beidh sé deacair dúinn an róbó seo a dhéanamh!
Á2 Nílimid cliste!
Á3 Nílimid láidir!
Á4 Ach beidh an róbó is áille againn!
Á5 Agus cuirfimid éadaí áille air!
Á6 UIRTHI! Beidh go hálainn! (Imíonn siad)

3: Sráid. Grúpa saibhir ar an ardán.
S1 Cheannaigh mé na rotha seo sa gharáiste Ferrari.
S2 Álainn!
S3 D'ordaigh mé CPU ó Intel.
S4 I gCill Dara?
S3 Ní hea: Silicon Valley, California!
S1 Sin an bealach. Na páirteanna is fearr!
S2 Dúirt m'athair go bhfaighidh sé eolaí cáiliúil chun cabhrú linn.
S6 Ní bheidh seans ag na foirne eile! (Imíonn siad. Tagann daoine bochta isteach)

B1 Fuair mé an cairtchlár seo taobh thiar de Harvey Norman's. (Taispeánann sé carn chairtchláir)
B2 Cén chaoi ar bhog tú é?
B1 Rothar.
B3 Tá rothar agat?!
B1 Níl. Fuair mé rothar ar iasacht ó mo chomharsa. (Taispeánann sé an rothar beag) Tá sí trí bliana d'aois.
B4 Agus fuair mise an téip seo. Bhí sé taobh amuigh de thimpiste bhóthair a tharla inné.
B5 Rinne mise an phéint dhubh seo le uisce, gual agus glé.
B1 Aon rud eile? Umm...ní féidir linn cyborg nó C3PO a dhéanamh le cairtchlár, téip agus péint.
B2 Fan nóiméad, ceapaim go bhfuil smaoineamh agam... (Imíonn siad. Tagann na saoithíní isteach)

N1 Seo an croí den róbó. Cheangail mé ceithre CPU le chéile chun clisteacht a thabhairt dó.
N2 Mór an trua nach féidir é a thabhairt do na cailíní áille! (gáire ginearálta)
N3 Tá an CPU seo i bhfad níos cliste.
N4 Fuair mé treoirleabhair chun róbó a thógáil. (Cuireann sé ceithre leabhar mór ar an talamh)
N5 Bhain mé an córas cianrialú ón drone atá ag m'athair. Beimid in ann é a choimeád faoi smacht ón taobh.
N1 Cén áit gur féidir linn é a thógáil?
N2 Cén áit eile?...an leabharlann!
N1-5 (Amhrán leabharlainne) (Imíonn siad. Tagann na cailíní áille isteach.)

Á1 Féach ar an ngúna álainn seo!
Á2 Smideadh anseo!
Á3 Folt gruaige bréige ó mo mháthar!
Á4 Mannequin ón tsiopa éadaí!
Á5 Fáinní cluaise!
Á6 ...agus: bróga Jimmy Choo!
Á(1-6) COMH 2015! (gáire)
Á1 Beidh an róbó is áille againn, gan dabht!
Á2 An bhfuil aon rud in easnamh?
Á3 Umm...inneal nó mótar?
Á4 Errr...ríomhaire?
Á5 Céard faoi rotha?
Á6 Siopaí éinne? (Imíonn siad)

4: Obair ar Siúl
S1 Seo é!
S2 An t-eolaí is cáiliúla in Éirinn.
S3 An t-eolaí is cliste in Éirinn!
S4 An t-eolaí is daoire in Éirinn!
S5 Fáilte romhat, a dhuine uasail!
S6 Agus seo duit an t-airgead. (tugann sí clúdach litreach lán dó)
E Go raibh maith agaibh. Cad atá agaibh?
S1 Seo an CUP
E CPU
S2 Tháinig sé díreach ó Silicone Valley!
E Silicon
S3 Seo an Flux Capacitor.
E Flux Capacitor? Flux Capacitor?! An bhfuil a fhios agaibh cad atá agaibh anseo?
S4 Ummm. Nílimid iomlán cinnte...
E Bhuel, gan an De Lorean, níl aon maitheas ann. Fág amach é.
S5 Céard faoi na páirteanna go léir seo?
E An-deas. An-daor freisin!
S6 Is cuma faoin airgead. Tá ár dtuistí saibhir go leor.
E (don lucht féachana) Agus gan ciall freisin! Cosúil leis an dream seo!
S1 An féidir leat róbó maith a chur le chéile?
E Is féidir. Tógaigí gach rud agus leanaigí mise. (fágann siad an t-ardán)

B2 Ní féidir linn róbó ceart a dhéanamh ach...
B3 Ach?...
B2 Táimid in ann ligint go bhfuil fíor róbó againn, atá in ann bogadh agus gach rud.
B4 Cén chaoi ligint?
B2 Kyle. Cuir an bosca seo ort.
B5 Mise? Cén fáth?
B2 Lean ar aghaidh...(cuireann sé bosca ar a cheann).
B1-4 Hé! Tá róbó againn!
B2 Beidh, nuair atá sé gléasta i gceart!
B5 Is mise róbó! Is mise róbó! (tosaíonn sé ag bogadh mar róbó, tosaíonn ceol Robots, Kraftwerk)
(Tosaíonn an cúigear ag damhsa mar róbónna ar feadh 30 soicind. Tógann siad an stuif agus fágann siad an t-ardán mar róbónna)

(Siúlann tuistí Allanagh agus na saoithíní amach)
M Taispeáin dúinn an obair atá sibh ag déanamh. Egbert, féach ar sin!
D Álainnsome!
M Féach ar na leabhair go léir!
D Álainnsome!
M Féach ar an trealamh go léir!
D Álainnsome!
M Stop ag rá 'Álainnsome!'
D Álainnsome?
M Sea, 'Álainnsome!'
D Ceart go leor.
M Anois a pháistí, taispeáin dúinn cad atá déanta agaibh.
N1 Seo an CPU.
D Álainnsome! Beidh sé cliste!
N2 Seo an mótar. Fuair mé é ó lomaire faiche leictreach.
M Álainnsome! No! Anois tá mise á rá!
N3 Seo an cianrialtán.Tá an córas ón Quadricopter 3000!
N4 Agus beidh sé in ann caint!
N5 Agus seo an treoirleabhar chun é a chur le chéile.
M agus D Álainnsome! (Imíonn siad go léir)

(Páistí áille ar an ardán)
Á1 Cuir an gúna uirthi ar dtús!
Á2 Smideadh ar an aghaidh!
Á3 Agus anois an folt gruaige seo.
Á4 Fáinní cluasa!
Á5 Agus bróga Jimmy C!
Á6 Umm...ach ní bhogann sí!
Á1 Cad a dhéanfaimid?
Á2 Beidh gach duine ag magadh fúinn!
Á3 Bain triail as an gclár scátála seo! Cuir fúithi é.
Á4 Agus ceangail an sreang seo léi. Anseo...agus anseo.
Á5 Tarraing anois...
Á6 Agus bogann sí! Rinneamar róbó!
Á1-6 Yé! (agus fágann siad)

5 Ag an Scoil: An Comórtas (PO, bronntóirí agus ceamróirí i láthair)
PO Fáilte roimh gach duine chuig Scoil Naomh Maingeal! Fáilte speisialta roimh ár láithreoirí teilifíse, Kathy Plamás agus...Daithí Ó Seacht (súile grámhara eatarthu)
K Sea, is leor sin. Fáilte chuig an Seó...
D An róbó is láidre...
K Le MISE, Kathy Plamás...
D Agus MISE, Daithí Ó Seacht.
K Bhí babhtaí idir na róbónna go léir...
D ...an mhaidin ar fad...
K ...agus is iad seo...
D ...an ceithre róbó...
K ...ata fágtha.
D An chéad chluiche leathcheannais anois...
K ...idir an róbó is daoire...
D ...agus an róbó is saoire. (tagann an dhá ghrúpa ar an ardán leis an dá róbó)
K Seo an X-Sciathán díreach ó Star Wars...déanta as titanium, le roicéad mar inneal, agus gunnaí laser!
D Ó a dhiabhail! Ní bheidh seans ag an róbó seo...déanta as cairtchlár, le cosa mar inneal agus gunnaí déanta as Lego!
B5 Sea! Níl seans agam! Lig amach mé!
S1 agus 2 Ná téigh aon áit! Ní féidir leat éalú!
S1 Roicéad réidh...
S2 Gunnaí laser réidh...
B5 Sábháil mé! (ritheann sé agus amach an taobh)
S2 Ná lig dó éalú! Las an roicéad! (Pléascann an roicéad agus imíonn sé den ardán ar luas lasrach)
K Bhuel, bhuel...
D ...bhuel!
K Tá an dhá róbó sin imithe!
D Níl aon buaiteoir!
K Ciallaíonn sé sin go mbeidh...
D ...an chéad bhabhta eile...
K ...mar an cluiche ceannais!
D Cá bhfuil an dá róbó atá fágtha sa chomórtas?
K Anseo, tá an róbó cliste! Smaoiníonn sé! Labhraíonn sé! Léann sé An Times!
D Agus anseo, tá... Ní smaoiníonn sí, ní léann sí An Times, ach...nach bhfuil sí álainn?!
K Róbónna, an bhfuil sibh réidh don troid?
(Róbó na saoithíní ag caint...)
N3 Cad 'tá cearr leis? Cuir smacht air!
N4 Tabhair dom an cianrialtán! (obair in aisce)
D Is dóigh nach bhfuil sé ag iarraidh a bheith ag troid!
K Ha! Tá sé ag smaoineamh dá féin.
D Stop ag machnamh! Téigh ag troid!
K Ááá...tá sé i ngrá léi!
D Ach an bhfuil grá aici dó?
K Anois, tá sí ag éalú!
D Tagaigí ar ais, nó ní bheidh an bua agaibh!
K Tá siad imithe!
D Tá an comórtas i Scoil Naomh Maingeal thart, ach níl aon buaiteoir againn!
K Tá súil agam nach bhfuil díomá ar an lucht féachana nach bhfaca siad troid!
(eolaí ar an ardán)
E Hé! Cad 'tá ag tarlú? Ba é mo róbó an róbó is fearr!
(tusití ar an ardán)
Daidí Do róbó?!! Ar chuala sibh é sin? (ag troid leis an eolaí) Bhí an comórtas seo do pháistí!
M Ar aon nós, ba é róbó mo pháiste an róbó is fearr! (eolaí ag troid léi)
D Stopaigí leis an troid seo! Ní cóir dúinn a bheith ag troid! (ag troid leo) Ná bígí ag troid ar mo seó!
K Do seó?! Ní leatsa an seó seo! Tá mise i gceannas anseo! (ag troid leis)
PO Fág an fear álainn sin! Ná cuir lámh air! (ag troid le K) A Dhaithí, an bhfuil tú ceart go leor?
Ceam 1 Agus bhí tusa i mo bhealach an t-am ar fad! (ag troid le ceam 2)
Ceam 2 Mise i do bhealach? Bíonn tusa i gcónaí ag iarraidh na shots is fearr a fháil! (troid)
(Titeann gach duine síos) (Seasann siad arís chun umhlú a dhéanamh) (Tagann gach duine eile ar ais)